Polasaí Príobháideachais/ Privacy Policy
Polasaí Príobháideachais
Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain
Ár bPolasaí Príobháideachais
Tá an ráiteas Polasaí Príobháideachais seo i bhfeidhm amhail ar an agus ón 25 Bealtaine 2018.
Tá do phríobháideachas tábhachtach d’Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain agus tá sé tábhachtach dúinn do mhuinín a chaomhnú. Táimid tiomanta go hiomlán do d’fhaisnéis phearsanta a choinneáil sábháilte. Cloífidh muid le téarmaí an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) agus le gach reachtaíocht ábhartha eile maidir le cosaint sonraí. Má iarrann muid ar eagraíocht eile seirbhís a sholáthar dúinn, cinnteoidh muid go gcloífidh siadsan leo freisin. Tá sé mar aidhm ag an bPolasaí Príobháideachais seo faisnéis a chur ar fáil duit faoi fhaisnéis phearsanta inaitheanta a bhailíonn muid fút agus faoin gcaoi a n-úsáidtear agus a roinntear an fhaisnéis phearsanta sin.
Cuimsíonn aon tagairt don “Seirbhís” laistigh den Pholasaí Príobháideachais seo “Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain”, (“Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain” nó “muid”), ár suíomh gréasáin ag https://www.athloneeducationcentre.com (an “Suíomh”), seirbhísí eile a chuireann muid ar fáil agus ar a bhfuil nasc chuig an bPolasaí Príobháideachais seo ar taispeáint agus gach cumarsáid eile le daoine aonair trí scríbhinn nó trí bhéal cosúil le ríomhphost nó ar an nguthán (le chéile leis an Suíomh, ár “Seirbhís”). Cuirtear síos sa Pholasaí Príobháideachais seo (“Polasaí”) ar an bhfaisnéis a bhailíonn muid ar nó tríd an tSeirbhís, conas a úsáideann muid agus a nochtann muid faisnéis den sórt sin agus na céimeanna a ghlacann muid chun faisnéis mar sin a chosaint. Trí chuairt a thabhairt ar an Suíomh, nó trí leas a bhaint as an tSeirbhís (ag clárú do agus ag cur áiteanna in áirithe do chúrsaí Forbartha Gairmiúla Leanúnaí (FGL)/ imeachtaí, soláthairtí ar bith atá bainteach le hoiliúint agus oideachas), glacann tú leis na cleachtais phríobháideachais atá leagtha amach sa Pholasaí seo.
Déanfaidh Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain an Polasaí Príobháideachais seo a nuashonrú ó am go ham. Má dhéanann muid athruithe, cuirfidh muid ar an eolas thú sula dtéann na hathruithe i bhfeidhm trí fhógra a chur ar ár suíomh gréasáin agus, más cuí, fógra a chur chugat. Trí úsáid leanúnach a bhaint as ár “Seirbhís” i ndiaidh na leasuithe a bheith i bhfeidhm, glacann tú le agus aontaíonn tú leis na leasuithe.
Tá meas ag Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain ar do thuairimí. Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir lenár bPolasaí Príobháideachais, déan teagmháil linn le do thoil ag
Rialaitheoir Sonraí
Is é Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain rialaitheoir sonraí na sonraí pearsanta a chuireann tú ar fáil dúinn. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost ag
Oifigeach um Chosaint Sonraí
Tá Oifigeach um Chosaint Sonraí (OCS) ceaptha againn ionas gur féidir leat teagmháil a dhéanamh leis má bhíonn aon cheisteanna agat atá bainteach lenár bPolasaí Príobháideachais agus lenár gcleachtais phríobháideachais. Cé go bhfuil Oifigeach um Chosaint Sonraí ceaptha againn, beidh an fhoireann Oifige Riaracháin mar phointe teagmhála duit ar dtús d’fhiosrúcháin ar fad a bhaineann le cosaint sonraí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leo trí ríomhphost ag
Faisnéis a Bhailíonn Muid
Bailíonn muid faisnéis fút, lena n-áirítear faisnéis phearsanta, de réir mar a úsáideann tú ár seirbhísí agus a idirghníomhaíonn tú linn.
Conas a Úsáideann Muid d’Fhaisnéis
Nuair a chláraíonn tú mar “Úsáideoir” ar “Suíomh”, “Seirbhís” Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain, bailíonn muid faisnéis inaitheanta phearsanta fút, i.e. do phróifíl (d’ainm, leasainm, uimhir chomhairle mhúinteoireachta, uimhir ghutháin/ theileafóin, seoladh ríomhphoist, ainm scoile, uimhir rolla scoile, seoladh ríomhphoist scoile, uimhir theileafóin scoile) agus/ nó faisnéis cosúil leis sin. Ní bhaileoidh muid do phróifíl ach chun rochtain a chur ar fáil duit ar do cheantar clárúcháin, chun do thaifead rannpháirtíochta inár soláthairtí FGL/ Oiliúna & Oideachais a ghiniúint agus a fheiceáil, chomh maith le do thaifead/ do thaifid tinrimh agus deimhnithe a chaomhnú. Ní úsáidfidh muid do shonraí bailithe chun críche ar bith eile ná chun aon fhógraí tráchtála a sheoladh chugat.
Conas a Roinneann Muid d’Fhaisnéis
Ní dhéanfaidh muid d’fhaisnéis inaitheanta phearsanta a roinnt, a ligean ar cíos ná a dhíol le daoine eile. D’fhéadfadh muid faisnéis phearsanta a stóráil in áiteanna nach bhfuil smacht díreach ag Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain orthu, m.sh. ar fhreastalaithe nó ar bhunachair sonraí a chuireann ár soláthraí óstála ar fáil. Tá bainistíocht, slándáil agus sláine stórála sonraí faoi fhreagracht dhíreach ár gcuideachta soláthraí óstála agus tá siad rialaithe ag polasaí príobháideachais na heagraíochta a sholáthraíonn an tseirbhís óstála.
Stóráil agus Próiseáil
D’fhéadfaí faisnéis a bhailíonn muid fút trí Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain a stóráil agus a phróiseáil san Eoraip trínár soláthraí óstála tríú páirtí. Tá bainistíocht, slándáil agus sláine stórála sonraí faoi fhreagracht dhíreach ár gcuideachta soláthraí óstála agus tá siad rialaithe ag polasaí príobháideachais na n-eagraíochtaí óstála sin.
Conas a Chosnaíonn Muid d’Fhaisnéis
Tá cúram ar Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain do phríobháideachas agus sonraí a chosaint, ach ní féidir linn a chinntiú ná ní féidir linn barántas a thabhairt le slándáil faisnéise ar bith ná a dheimhniú nach bhféadfaí rochtain a fháil ar d’fhaisnéis ar “Suíomh” “Seirbhís” Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain, nó nach bhféadfaí í a nochtadh, a athrú nó a scriosadh trí shárú ar aon cheann dár gcosaintí fisiciúla, teicniúla nó bainistíochta gnóchaighdeánacha. Nuair a chuireann tú faisnéis íogair (cosúil le dintiúir logála isteach) isteach ar ár bhfoirmeacha clárúcháin nó ordaithe, déanann muid an fhaisnéis sin a chriptiú trí úsáid a bhaint as Teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán (TSSS). Níl aon mhodh tras-seolta ar an Idirlíon nó modh stórála leictreonaí 100% sábháilte. Mar sin, ní féidir linn a sábháilteacht iomlán a chinntiú. Úsáideann muid próiseálaithe íocaíochta tríú páirtí seachtracha cosúil le PayPal agus Stripe chun d’íocaíocht a phróiseáil nuair a chuireann tú cúrsa in áirithe. Ní choinníonn, ní stórálann agus ní úsáideann na próiseálaithe íocaíochta tríú páirtí seo faisnéis inaitheanta phearsanta chun aon chríocha eile. Tá d’idirghníomhaíochtaí leis na heagraíochtaí próiseála íocaíochta seachtracha seo rialaithe ag a bpolasaithe príobháideachais féin.
Rochtain ar agus Coinneáil Sonraí Rialaithe ag Ár nÚsáideoirí
Maidir le hÚsáideoirí reatha Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain, is féidir libh bhur bpróifíl reatha a athbhreithniú, a cheartú, nó a nuashonrú trí logáil isteach go dtí do phróifíl, m.sh. chun do phasfhocal a nuashonrú. Coinníonn muid d’fhaisnéis chomh fada agus atá do chuntas gníomhach nó de réir mar is gá chun ár seirbhísí a chur ar fáil duit. Coinneoidh muid agus úsáidfidh muid d’fhaisnéis más gá chun ár n-oibleagáidí dleathacha a chomhlíonadh, chun aighnis a réiteach agus chun ár gcomhaontuithe a chur i bhfeidhm. Más mian leat do shonraí cuntais a scriosadh nó a easpórtáil, déan teagmháil linn go díreach ag
Fianáin agus Teicneolaíochtaí Rianaithe – conas a úsáideann muid Fianáin
Úsáideann muid fianáin don eispéireas brabhsála is fearr. Is comhaid téacs an-bheag iad fianáin a stóráiltear ar do ríomhaire nuair a thugann tú cuairt ar shuíomhanna gréasáin.
Baineann muid úsáid as fianáin theicniúla chun cabhrú le do ghléas a aithint ionas gur féidir linn a chur in oiriúint do thaithí úsáideora, do sheisiún a rianú, cúrsaí. imeacht a chur in áirithe agus cuimhneamh ar a bhfuil tú sa phróiseas áirithinte. Is féidir leat aon fhianáin atá stóráilte ar do ríomhaire cheana féin a dhíchumasú, ach d’fhéadfadh siad seo stop a chur lenár suíomh gréasáin ag feidhmiú i gceart. Tá an méid seo thíos fíor-riachtanach i bhfeidhmiú ár suíomh gréasáin.
Déanfaidh “Suíomh” Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain an méid a leanas:
- Cuimhneamh ar na cúrsaí a bhfuil tú ag déanamh iarratais orthu (m.sh. nuair atá tú logáilte isteach agus cúrsa á chur in áirithe agat).
- Cuimhneamh ar a bhfuil tú sa phróiseas áirithinte.
- Cuimhneamh go bhfuil tú logáilte isteach agus go bhfuil do sheisiún slán. Ní mór duit a bheith logáilte isteach chun áirithint a dhéanamh.
Níl Fianáin Fheidhmiúla fíor-riachtanach, ach tá siad riachtanach chun an t-eispéireas úsáideora is fearr a sholáthar duit agus freisin chun a insint dúinn cé na leathanaigh is suimiúla duit (go hanaithnid).
Déanfaidh “Suíomh” ITOCD an méid a leanas:
- Na leathanaigh a dtugann tú cuairt orthu a rianú trí Google Analytics
- Fianáin Tríú Páirtí
Ní dhéanfaidh an “Suíomh” seo aon fhaisnéis phearsanta a roinnt nó úsáid dhíreach a bhaint as fianáin tríú páirtí.
Giuirléidí/ Anailísíocht Meán Sóisialta
D’fhéadfadh gnéithe meán sóisialta a bheith ar ár Suíomh, cosúil leis an gcnaipe ‘Like’ ar Facebook agus giuirléidí eile, a ritheann ar ár Suíomh. Tá seans ann go mbaileoidh na gnéithe seo do sheoladh IP, an leathanach a bhfuil tú ag tabhairt cuairte air ar ár Suíomh a aithint agus féadfaidh siad fianán a leagan chun go bhfeidhmeoidh an ghné i gceart. Déanann tríú páirtí gnéithe agus giuirléidí meán sóisialta a óstáil nó déantar iad a óstáil go díreach ar ár Suíomh. Tá d’idirghníomhaíochtaí leis na gnéithe seo á rialú ag polasaí príobháideachais na n-eagraíochtaí a sholáthraíonn iad. Úsáideann ár suíomh gréasáin Google Analytics, a bhailíonn faisnéis faoi do sheisiún agus tú ag idirghníomhú lenár suíomh gréasáin. Baileoidh Analytics do sheoladh IP, do shuíomh agus an leathanach a bhfuil tú ag tabhairt cuairte air ar ár Suíomh. Leagfaidh sé fianán ionas go bhféadfaidh an ghné feidhmiú i gceart. Tá d’idirghníomhaíochtaí leis na gnéithe seo á rialú ag polasaí príobháideachais na n-eagraíochtaí a sholáthraíonn iad.
Cúrsaí oiliúna FGL Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain (Conradh)
Cuireann Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain seirbhísí Forbartha Gairmiúla Leanúnaí (FGL)/ Oiliúna & Oideachais ar fáil do mhúinteoirí Bunscoile agus Iar-bhunscoile. Más maith leat clárú do agus áirithint a dhéanamh do/ íoc as ár gcúrsaí/ cláir oiliúna agus seirbhísí FGL, beidh ort a bheith mar “Úsáideoir” cláraithe ar ár suíomh gréasáin ar dtús. Trí chlárú do/ áirithint a dhéanamh do chúrsa/ clár oiliúna FGL linn, aontaíonn tú go bhfuil d’fhaisnéis phearsanta á próiseáil ar an mbealach ar cuireadh síos air sa Pholasaí Príobháideachais seo.
Úsáideann muid an fhaisnéis phearsanta (do phróifíl) a chuireann tú ar fáil dúinn chun na seirbhísí FGL/ Oiliúna & Oideachais seo a riar agus a bhainistiú, lena n-áirítear clárúchán, billeáil, agus bailiú táillí. Ní bhaileoidh muid do phróifíl ach chun rochtain a chur ar fáil ar do cheantar clárúcháin, chun do thaifead rannpháirtíochta inár soláthairtí FGL/ Oiliúna & Oideachais a ghiniúint agus a fheiceáil, chomh maith le do thaifead/ do thaifid tinrimh agus deimhnithe a chaomhnú. Úsáidfidh muid an seoladh ríomhphoist a thugann tú dúinn ar mhaithe le haon ábhair oiliúna a dháileadh atá bainteach le do ghnótha(i)s FGL/ Oiliúna & Oideachais agus chun thú a choinneáil ar an eolas. D’fhéadfadh muid faisnéis a chuireann tú ar fáil a bhailiú agus a stóráil chun do riachtanais FGL a mheas, i.e. anailís ar riachtanais ar mhaithe le hábhar cúrsa a dhearadh agus/ nó caighdeán ár soláthair/ seirbhíse duit a mheas.
D’fhéadfaí d’Fhaisnéis Phearsanta a roinnt lenár bpáirtithe tríú páirtí Oiliúna & Oideachais, pearsanra tacaíochta forbartha gairmiúla, traenálaithe, éascaitheoirí, oidí agus comhlachtaí agus gníomhaireachtaí oideachais éagsúla faoi shainchúram na Roinne Oideachais agus Scileanna (ROS) nó gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí Rialtais ábhartha eile. Más comhlacht oideachais seachtrach a sholáthraíonn do sholáthar FGL/ Oiliúna & Oideachais, ní roinnfidh muid do shonraí pearsanta ach leis an gcomhlacht oideachais seachtrach sin de réir mar is infheidhme agus is iomchuí.
Chun íoc as cúrsaí FGL atá iarrtha agat uainn (Conradh)
Nuair a chuireann tú cúrsa in áirithe linn, baileoidh ár bpróiseálaithe íocaíochta tríú páirtí cosúil le PayPal agus/ nó Stripe (soláthróirí íocaíochta atá comhlíontach leis an Tionscal Cártaí Íocaíochta) d’fhaisnéis íocaíochta. Tá d’idirghníomhaíocht le próiseálaithe íocaíochta tríú páirtí rialaithe ag Polasaí Príobháideachais na bpróiseálaithe sin. Ní roinnfidh muid do shonraí pearsanta le geataí íocaíochta PayPal agus Stripe ar aon bhealach ná slí. Déantar thú a atreorú ó shuíomh gréasáin Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain chuig na suíomhanna gréasáin seachtracha seo agus tá an idirghníomhaíocht leis na suíomhanna gréasáin seachtracha seo rialaithe ag Polasaí Príobháideachais na n-eagraíochtaí sin.
Chun cumarsáid Nuachtlitreach a fháil (Cead – Liostáil)
Le do chead, seolann Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain ár Nuachtlitir agus ríomhphoist faisnéise faoi sholáthairtí FGL/ Oiliúna & Oideachais chuig an seoladh ríomhphoist a chuir tú ar fáil ó am go ham. D’fhéadfá an cinneadh a dhéanamh gan cumarsáid Nuachtlitreach a fháil uainn ag am ar bith trí na treoracha díliostála atá ag deireadh gach cumarsáide ríomhphoist a leanúint. Is féidir le haon chláraitheoir/ Úsáideoir reatha díliostáil freisin trí logáil isteach agus eagarthóireacht a dhéanamh ar a p(h)róifíl.
I gcomhréir leis na rialacháin ghinearálta maidir le cosaint sonraí (RGCS), tabharfaidh Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain deis do chláraitheoirí (Úsáideoirí) reatha cliceáil ar nasc chun “liostáil” chun clárú don Nuachtlitir, agus mar sin, aontaíonn siad leanúint ar aghaidh ag fáil na cumarsáide Nuachtlitreach. Bainfear aon chláraitheoir/ úsáideoir reatha nach n-úsáideann an nasc chun “liostáil” agus scriosfar é/ í go huathoibríoch ó bhunachar sonraí na Nuachtlitreach. Scriosfar agus bainfear go huathoibríoch ó bhunachar sonraí shuíomh gréasáin Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain cláraitheoirí nár chuir soláthar FGL/ Oiliúna & Oideachais in áirithe laistigh de 4 bliana nó níos mó ná sin.
I gcumarsáid linn (Leas Dlisteanach)
Má théann tú i dteagmháil linn, baileoidh muid faisnéis cosúil le d’ainm, seoladh, uimhir ghutháin agus seoladh ríomhphoist agus aon fhaisnéis phearsanta eile atá sa chumarsáid agus úsáidfidh muid í chun freagra a thabhairt ar d’fhiosrúchán. Próiseálann muid an fhaisnéis seo chun ár leasanna dlisteanacha a bhaint amach, i.e. forbairt ghairmiúil agus phearsanta leanúnach a chur ar fáil do mhúinteoirí agus pobail scoile agus ár sainordú reachtúil a chur i bhfeidhm.
Má fhreastalaíonn tú ar cheann dár soláthairtí FGL/ Oiliúna & Oideachais (m.sh. cúrsaí, cláir, imeachtaí oideachais eile) (Conradh)
Eagraíonn Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain clár cuimsitheach FGL/ Oiliúna & Oideachais i rith na bliana. Má chláraíonn tú do cheann de na cúrsaí, cláir/ imeachtaí oiliúna seo, baileoidh muid d’ainm agus sonraí teagmhála agus i roinnt cásanna, do sheoladh agus sonraí íocaíochta. Úsáideann muid an fhaisnéis seo chun éascaíocht a dhéanamh ar do chlárúchán, d’íocaíocht a phróiseáil agus an fhaisnéis agus na seirbhísí bainteacha a chur ar fáil duit. I roinnt cásanna, glacann muid grianghraif nó déanann muid físeáin de na himeachtaí seo. Cuirfidh muid ar an eolas thú i gcónaí má tá grianghraif á nglacadh nó má tá físeáin á ndéanamh den soláthar ionas gur féidir leat rogha a dhéanamh páirt a ghlacadh nó gan páirt a ghlacadh ann.
Nuair a chuireann tú seirbhísí ar fáil dúinn (Conradh)
Má chuireann tú seirbhísí gairmiúla ar fáil d’Ionad Tacaíochta Oideachais Bhaile Átha Luain agus má chuireann tú d’fhaisnéis phearsanta ar fáil, ina mbíonn sonraí teagmhála, seoladh, uimhir ghutháin, uimhir chlárúcháin VAT agus b’fhéidir d’fhaisnéis bhaincéireachta san áireamh de ghnáth, próiseálfaidh muid an fhaisnéis seo ionas gur féidir linn íoc as na seirbhísí ábhartha a chuireann tú ar fáil, chomh maith leis na seirbhísí sin a riar agus a bhainistiú de réir théarmaí agus coinníollacha ár gconartha.
Polasaí Fianán
CAD IS FIANÁN ANN?
Baineann ár nIonad Oideachais (“muidne” nó “ár”) úsáid as fianáin le gur féidir lenár suíomh gréasáin feidhmiú i gceart agus chun feabhas a chur ar d’eispéireas brabhsálaithe. Is éard atá i gceist le fianán ná píosa beag sonraí a d’fhéadfadh a bheith stóráilte ar do ríomhaire nó ar do ghléas móibíleach. Ligeann sé do do shuíomh gréasáin “cuimhneamh” ar do ghníomhaíochtaí nó roghanna thar thréimhse ama.
CONAS A ÚSÁIDEANN MUID FIANÁIN?
Úsáideann muid fianáin chun ár suíomh gréasáin a riar, staitisticí úsáide suímh gréasáin a chur le chéile, monatóireacht a dhéanamh ar úsáid an tsuímh ghréasáin agus chun cúnamh a thabhairt dúinn breis forbartha a dhéanamh ar an suíomh gréasáin seo.
Fianáin Seisiúin – Baintear leas as na fianáin seo ionas gur féidir le gnéithe riachtanacha rochtain a chur ar fáil duit ar an ábhar, na táirgí agus na seirbhísí ar ár suíomh gréasáin. Mura bhfuil na fianáin seo agat, d’fhéadfadh sé nach mbeifeá in ann úsáid a bhaint as gnéithe áirithe den suíomh gréasáin nó teacht ar tháirgí, ábhar nó seirbhísí áirithe. Is fianáin iad seo a chuimhníonn ar do roghanna agus a ligeann dúinn a chinntiú go bhfuil ár n-ábhar curtha i láthair go héifeachtach duit agus don ghléas atá tú ag úsáid chun teacht ar an suíomh gréasáin seo.
Fianáin Anailíseacha – Fianáin a thugann cúnamh dúinn tuiscint a bhaint as an gcaoi a n-úsáideann cuairteoirí ár suíomh gréasáin, chomh maith leis an gcaoi a n-idirghníomhaíonn siad leis. De ghnáth, cuireann fianáin anailíseacha faisnéis anaithnid le chéile faoi leathanaigh ar tugadh cuairt orthu, fad na cuairte, naisc a cliceáladh orthu mar aon le sonraí faoin áit as ar tháinig an chuairt. Déantar na sonraí ar fad a bhailíonn fianáin anailíseacha a anaithnidiú agus níl aon fhaisnéis phearsanta inaitheanta iontu.
BAINISTÍOCHT FIANÁN
Is féidir leat fianáin ar bith a bhlocáil/ a bhaint atá stóráilte ar do ríomhaire cheana féin ag suíomh gréasáin an Ionaid Oideachais trí do bhrabhsálaí. Tabhair do d’aire le do thoil, má bhlocálann tú na fianáin seo, d’fhéadfadh sé stop a chur lenár suíomh gréasáin ag feidhmiú mar is ceart. Ní bheidh aon toradh ar fhianán a bhaint toisc go n-eiseofar fianán nua an chéad uair eile a thugann tú cuairt ar ár suíomh gréasáin.
Treoracha le haghaidh Chrome: https://support.google.com/chrome/answer/95647
Treoracha le haghaidh Firefox: https://support.mozilla.org/en-US/kb/clear-cookies-and-site-data-firefox
Treoracha le haghaidh Microsoft Edge: https://support.microsoft.com/en-ie/help/4027947/microsoft-edge-delete-cookies
Fianáin an Ionaid Oideachais
Ainm an Fhianáin | Aidhm | Fad |
---|---|---|
joomla_remember_me | Fianán chun cuimhneamh ar do logáil isteach ar an suíomh gréasáin | 60 Lá |
joomla_user_state | Fianán a aithníonn má tá tú logáilte isteach nó nach bhfuil ar an suíomh gréasáin | 15 nóiméad de neamhghníomhaíocht |
Fianán Seisiúin | Fianán simplí a leagtar nuair a osclaíonn tú an suíomh gréasáin. Úsáidtear an fianán seo chun teachtaireacht nó faisnéis shimplí a stóráil ar leathanach nó mír aníos dhifriúil. Ní stóráiltear aon fhaisnéis phearsanta san fhianán seo | Tiocfaidh deireadh leis seo nuair a fhágann tú an brabsálaí |
Fianáin Tríú Páirtí
Ainm an Fhianáin | Tríú Páirtí | Fad |
---|---|---|
vuid | .vimeo.com | 730 Lá |
_gat_gtag_UA_* | .google.com | Am rite an bhrabhsálaithe |
lang | cdn.syndication.twimg.com | Am rite an bhrabhsálaithe |
Privacy Policy
Athlone Education Support Centre
Our Privacy Policy
This Privacy Policy statement is effective as and from 25th May 2018
Your privacy is important to Athlone Education Centre and maintaining your trust is important to us. We are fully committed to keeping your personal information safe. We will comply with the terms of the General Data Protection Regulation (GDPR) and all other relevant data protection legislation. If we ask another organisation to provide a service for us, we will ensure that they are also in compliance. This Privacy Policy is intended to provide you with information about personally identifiable information we collect about you and how that personal information is used and shared.
Any reference to the “Service” within this Privacy Policy includes “Athlone Education Centre, (“Athlone Education Centre”, “we” or “us”), our website at https://www.athloneeducationcentre.com (the “Site”), other services provided by us and on which a link to this Privacy Policy is displayed and all other communications with individuals through written or oral means such as email or phone (collectively, together with the Site, our “Service”). This Privacy Policy (“Policy”) describes the information that we gather on or through the Service, how we use and disclose such information and the steps we take to protect such information. By visiting the Site, or by using the Service (registering and booking CPD courses/ events/any related training & education provisions), you accept the privacy practices described in this Policy.
Athlone Education Centre will intermittently update this Privacy Policy. If we make changes, we will notify you prior to the changes taking effect by posting a notice on our website and where appropriate, sending you a notification. By continuing to use our “Service” after such revisions are in effect, you accept and agree to the revisions.
Athlone Education Centre values your opinions. Should you have any questions in relation to our Privacy Policy, please contact us at
Data Controller
Athlone Education Centre is the data controller of the personal data you provide to us. We can be contacted by email at
Data Protection Officer
We have appointed an internal Data Protection Officer (DPO) for you to contact if you have any questions regarding our Privacy Policy and our privacy practices. Whilst we have appointed a DPO, the Administration Office team will be your initial point of contact for all data protection inquiries. They can be reached by email at
Information We Collect
We collect information about you, including personal information, as you use our services and interact with us.
How We Use Your Information
When you register as a “User” on Athlone Education Centre “Site”, “Service”, we collect personally identifiable information about you i.e. your profile (your name, surname, teaching council number, mobile/telephone number, email address, school name, school roll number, school email address, school telephone number) and/or similar. We will collect your profile solely to provide access to your registration area, to generate and view your record of participation in our CPD / Training & Education provisions in conjunction with maintaining your attendance and certification record(s). We will not use your collected data for any other purpose or to send you any commercial advertisements.
How We Share Your Information
We will not share, rent or sell your personally identifiable information to others. We may store personal information in locations outside the direct control of Athlone Education Centre e.g. on servers or databases provided by our hosting provider. Management, security and integrity of data storage are under the direct responsibility of our hosting provider company and are governed by the privacy policy of the organisation providing the hosting service.
Storage and Processing
The information we collect about you through Athlone Education Centre may be stored and processed in Europe by our third-party hosting provider. The management, security and integrity of data storage are the direct responsibility of our hosting provider and are governed by the privacy policy of those hosting organisations.
How We Protect Your Information
Athlone Education Centre is concerned with protecting your privacy and data but we cannot ensure or warrant the security of any information you transmit to us or guarantee that your information on Athlone Education Centre “Site” “Service” may not be accessed, disclosed, altered or destroyed by breach of any of our Business standard physical, technical or managerial safeguards. When you enter sensitive information (such as log in credentials) on our registration or order forms, we encrypt that information using secure socket layer technology (SSL). No method of transmission over the Internet or method of electronic storage is 100% secure. Therefore, we cannot guarantee its absolute security. We use external third-party payment processors such as PayPal and Stripe to process your payment when you book a course. These third-party payment processors do not retain share, store or use personally identifiable information for any other purposes. Your interactions with these external payment processing organisations are governed by their own privacy policies.
Access and Retention of Data Controlled by Our Users
For existing/current Athlone Education Centre Users, you can review, correct, or update your current profile by logging into your profile e.g. to update your password. We will retain your information for as long as your account is active or as needed to provide you with our services. We will retain and use your information as necessary to comply with our legal obligations, resolve disputes and enforce our agreements. If you wish to delete or export your account data, please contact us directly at
Cookies and Tracking Technologies – how we use Cookies
We use cookies for the best browsing experience. Cookies are very small text files that are stored on your computer when you visit websites. We use technical cookies to help identify your device so we can tailor your user experience, track your session, course/event booking and remember where you are in the booking process. You can disable any cookies already stored on your computer but these may stop our website from functioning properly. The following is strictly necessary in the operation of our website.
Athlone Education Centre “Site” will:
-
Remember what courses you are applying for (e.g. when logged in and booking a course)
-
Remember where you are in the booking process
-
Remember that you are logged in and that your session is secure. You need to be logged in to complete a booking.
Functional Cookies are not Strictly Necessary, but are required to provide you with the best user experience and also to tell us which pages you find most interesting (anonymously).
Athlone Education Centre “Site” will:
-
Track the pages you visit via Google Analytics
-
Third-Party Cookies
This “Site” will not share any personal information or directly use third parties cookies.
Social Media Widgets / Analytics
Our Site may include social media features, such as the Facebook Like button and other widgets, which run on our Site. These features may collect your IP address, identify which page you are visiting on our Site and may set a cookie to enable the feature to function properly. Social media features and widgets are either hosted by a third-party or hosted directly on our Site. Your interactions with these features are governed by the privacy policy of the organisations providing them. Our website uses Google analytics, which collects information about your session whilst you interact with our website. Analytics will collect your IP address, your location and identify the page you are visiting on our Site. It will set a cookie to enable the feature to function properly. Your interactions with these features are governed by the privacy policy of the organisation providing them.
Athlone Education Centre CPD training courses (Contract)
Athlone Education Centre provides Continuing Professional Development (CPD)/ Training & Education services for Primary and Post Primary Teachers. To register/enrol/ and book/pay for our training courses/ programmes and CPD services you will, in the first instance, need to be a registered “User” on our website. By enrolling/booking on a CPD training course/programme with us, you agree that your personal information is being processed in the manner described in this Privacy Policy.
We use the personal information (your profile) which you provide to us to administer and manage these CPD/ Training & Education services including registration, billing, collection of fees and charges. We will collect your profile solely to provide access to your registration area, to generate and view your record of participation in our CPD/ Training & Education services and to maintain your course attendance and certification(s) records. We will use the email address you provide for the purpose of distributing any training materials related to your CPD/ Training & Education undertaking(s) and to keep you informed. We may also collect and store information provided by you to consider your CPD requirements i.e. needs analysis for the purpose of designing course content and/or evaluating the quality of our provision /service to you.
Your personal information may be shared with our third-party Training & Education partners, professional development support personnel, trainers, facilitators, tutors and various education bodies and agencies under the remit of the Department of Education and Skills (DES) or other relevant Government agencies and organisations. If your CPD / Training & Education provision is delivered by an external educational body, we will share your personal data with that external educational body only as applicable and appropriate.
To pay for CPD courses you have requested from us (Contract)
When you book a course with us, our third-party payment processors such as PayPal and/or Stripe (Payment Card Industry compliant payment providers) will collect your payment information. Your interaction with third-party payment processors is governed by the privacy policy of those processors. We will not share by any manner or means your personal data with PayPal and Stripe payment gateways. You are redirected from Athlone Education Centre website to these external websites and the interaction with these external websites is governed by the privacy policy of those organisations.
To receive our Newsletter communications (Consent – Opt in)
With your permission, Athlone Education Centre intermittently sends our Newsletter and information emails about CPD/Training & Education provisions to the email address you have provided. You may at any time choose not to receive our Newsletter communications by following the unsubscribe instructions included at the end of each email communication. Any existing registrant/User can also unsubscribe by logging in and editing his/her profile.
In line with the new data protection regulations, GDPR, Athlone Education Centre will give existing registrants (Users) the opportunity to click on a link to “opt in” to subscribe to the Newsletter, therefore agreeing to continue receiving the Newsletter communication. Any existing registrant/User that does not use the link to “opt in” will automatically be removed and deleted from the Newsletter database. Registrants who have not booked a CPD/Training & Education provision within the last four years or more will also be automatically deleted and removed from Athlone Education Centre website database.
In communication with us (Legitimate Interest)
If you correspond with us, we will collect information such as your name, address, phone number and email address and any other personal information contained within the communication and use it to respond to your inquiry. We process this information in pursuit of our legitimate interests i.e. providing continuing personal and professional development for teachers and school communities and implementing our statutory remit.
If you attend one of our CPD /Training & Education provisions (e.g. courses, programmes, other educational events) (Contract)
Athlone Education Centre organises a comprehensive CPD /Training & Education programme during the year. If you register for one of these training courses/programmes/ events we will collect your name and contact information and in some contexts, your address and payment details. We use this information to facilitate your registration, process your payment and provide you with the associated information and services. In some circumstances, we take photographs or make video recordings of these events. We will always inform you if the provision is being photographed /recorded so that you can choose not to participate.
When you provide services to us (Contract)
If you provide professional services to Athlone Education Centre and you provide your personal information, which typically includes your contact information, address, phone number, VAT registration number and possibly your banking information, we will process this information so that we can administer, manage and pay for the relevant services you provide and as per the terms and conditions of our contract.
Cookie Policy
WHAT IS A COOKIE
Our Education Centre (“we”, “us”, or “our”) uses cookies to make our website work properly and to improve your browsing experience. A cookie is a small piece of data that may be stored on your computer or mobile device. It allows a website to “remember” your actions or preferences over a span of time.
HOW DO WE USE COOKIES?
We use cookies to administer our Website, compile Website usage statistics, to monitor Website usage and to help us further develop this Website.
Session Cookies – These cookies are used to enable essential features that provide you with access to our Website content, products and services. Without these cookies you may not be able to use certain features of the Website or access certain products, content or services. Cookies that remember your preferences and allow us to ensure that our Website content is presented effectively for you and for the device you are using to access this Website
Analytics Cookies – Cookies that assist us in understanding how visitors use and interact with the Website. Typically, Analytics Cookies aggregate anonymised information about pages visited, length of visit, links clicked on along with details of where the visit originated from. All data collected by Analytics Cookies is anonymised and does not contain any personal identifiable information.
COOKIE MANAGMENT
You can block / remove any cookies already stored on your computer by the Education Centres website via your browser. Please be aware that blocking these cookies may stop our website from functioning properly. Removing a cookie will not have an affect as a new cookie will be issued next time you visit our websiteInstructions for Chrome: https://support.google.com/chrome/answer/95647
Instructions for Firefox: https://support.mozilla.org/en-US/kb/clear-cookies-and-site-data-firefox
Instructions for Microsoft edge: https://support.microsoft.com/en-ie/help/4027947/microsoft-edge-delete-cookies
Education Centre cookies
Cookie name | Purpose | Duration |
---|---|---|
joomla_remember_me | cookie to remember your login on the website | 60 Days |
joomla_user_state | cookie that identifies if you are logged in to the website or not | 15 minutes of inactivity |
Session cookie | Simple cookie that is set when you open the website, Used to store a simple message or information on a different page or popup. No personal information is stored in this cookie |
Expires on exiting the browser |
Third party cookies
Cookie name | Third Party | Duration |
---|---|---|
vuid | .vimeo.com | 730 days |
_gat_gtag_UA_* | .google.com | browser runtime |
lang | cdn.syndication.twimg.com | browser runtime |