Skip to main content

Creative Cluster 2026-2028

Cnuasaigh Chruthaitheacha 2026-2028

Is cúis áthais don Roinn Oideachais a fhógairt go bhfuiltear ag glacadh le hiarratais anois do bhabhta nua eile de Chnuasaigh Chruthaitheacha. Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ná an 20 Aibreán 2026.

Gheobhaidh gach Cnuasach Cruthaitheach maoiniú deontais €3,000 in aghaidh na scoile i ngach braisle thar thréimhse dhá bhliain (2026-2028) chun a dtionscadal a chur i bhfeidhm.

  • gheobhadh 3 scoil €9,000
  • gheobhadh 5 scoil €15,000

Chomh maith le tacaíocht airgeadais, gheobhaidh gach cnuasach an méid a leanas freisin: 

  • Éascaitheoir Cnuasaigh Chruthaitheacha
  • Múinteoir ionaid chun freastal ar cheardlanna agus cruinnithe
  • Seomra ar cíos, taisteal & cothú

Féach an nasc a leanas do bhreis sonraí le do thoil: Treoirlínte na Roinne Oideachais maidir le Cnuasaigh Chruthaitheacha 2026 

Ní mór iarratais a líonadh amach ar líne trí leas a bhaint as na naisc a leanas: Iarratas Cnuasaigh Chruthaitheacha 2026 - 2028 nó Foirm Iarratais - Dátheangach.

Má theastaíonn cúnamh uait, déan teagmháil le d’ionad Tacaíochta Oideachais áitiúil le do thoil (tá an liosta le fáil in Aguisín 1 den cháipéis Treoirlínte ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais) nó is féidir leat an nasc seo a úsáid Aguisín 1.

Má tá aon cheisteanna agat, déan teagmháil le d'ionad Tacaíochta Oideachais áitiúil le do thoil nó is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig Riarachán Náisiúnta na nEalaíon san Oideachas ag This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it..

Scoileanna Incháilithe - Tá fáilte roimh na scoileanna seo a leanas iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh i gCnuasaigh Chruthaitheacha:

  • Scoileanna nár ghlac páirt go fóill i gCnuasaigh Chruthaitheacha.
  • Scoileanna nár ghlac páirt go fóill i Scoileanna Ildánacha agus iad siúd a chríochnóidh Bliain 2 de Scoileanna Ildánacha sa scoilbhliain 2024/25.
  • Scoileanna a chríochnóidh Bliain 2 de Chnuasaigh Chruthaitheacha sa scoilbhliain 2025/25. Ní mór dóibh iarratas a dhéanamh mar chuid de chnuasach nár ghlac páirt sa tionscnamh go fóill, áfach. Sa chás seo, ní mór don scoil seo iarratas a dhéanamh chun cnuasach scoileanna a threorú atá nua sa tionscnamh.
  • Beidh ról lárnach ag an Ionad Tacaíochta Oideachais áitiúil maidir le Cnuasach Cruthaitheach a aithint agus a thacú dá gceantar áitiúil.
  • Roghnófar 42 Cnuasach Cruthaitheach go náisiúnta - 2 in aghaidh an Ionaid Tacaíochta Oideachais.

Is tionscnamh de chuid na Roinne Oideachais é Cnuasaigh Chruthaitheacha, faoi stiúir agus i gcomhpháirtíocht leis na 21 Ionad Oideachais lánaimseartha (Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann - ITOÉ) agus maoinithe tríd an gCiste Barr Feabhais Scoileanna.

CREATIVE CLUSTERS 2026-2028

The Department of Education is pleased to announce the opening of a new round of Creative Clusters. The deadline for receipt of applications is 20th of April 2026.

Each Creative Cluster will receive grant funding of €3,000 per school over a two-year period to implement their project 2026–2028. 

  • 3 schools would receive €9,000
  • 5 schools would receive €15,000 

 In addition to financial support above each cluster will also receive: 

  • A Creative Cluster Facilitator 
  • Teacher Substitution to attend Workshops and Meetings
  • Room hire, travel & subsistence

Please see the following link for more details: Creative Clusters 2026 Department of Education Guidelines

Applications are to be completed online using the following link: Creative Clusters Application 2026-2028 should you need assistance, please contact your local full-time Education Support Centre (list at Appendix 1 of Guidelines document on DE website) or use this link Appendix 1

Any queries, please Athlone Education Support Centre This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it. or email National Arts in Education Administration This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.

Eligible Schools - The following schools are welcome to apply to participate in Creative Clusters:

  • Schools that have not yet participated in Creative Clusters.
  • Schools that have  not yet participated in Creative Schools and those who will complete Creative Schools Year 2 in the 2024/25 school year.
  • Schools that will complete Creative Clusters Year 2 in the 2025/25 school year. However, they must apply as part of a cluster who have not yet participated in the initiative. In this instance, it is required that this school applies to lead a cluster of schools that are new to the initiative.
  • The local Education Support Centre will have a key role in identifying and supporting a Creative Cluster for their local area.
  • 42 Creative Clusters will be selected nationally - 2 per Education Support Centre.

Creative Clusters is an initiative of the Department of Education, led by and in partnership with the 21 full-time Education Centres (Education Support Centres Ireland - ESCI) and funded through the Schools Excellence Fund.

Dual Language Application Form

 en cc flyer 3