Seimineáir ar líne le Gaeloideas
Seimineár faoin luath-léitheoireacht ar siúl Dé Céadaoin 24ú @ 16:00. Díreoidh an chaint seo ar fhorbairt na líofachta sa léitheoireacht sa bhunscoil, ó thus na léitheoireachta i dtreo an neamhspleáchais. Bainfear úsáid as téacsanna samplacha le straitéisí líofachta a léiriú, straitéisí a thacóidh le tuiscint. Pléifear léiriú, frásáil, rialtacht, luas agus urlabhraíocht mar ghnéithe sáiniúla den líofacht agus mar spriocanna forbartha. Molfar ardáin theicneolaíochta leis an léitheoireacht a chur i láthair ar scoil agus sa bhaile.
Is Ollamh Cúnta ar Theagasc na Gaeilge í Jacqueline de Brún in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Ba Chomhairleoir Oideachais san Áisaonad i mBéal Feirste í agus ba mhúinteoir Gaelscoile í roimhe sin. D’fhorbair sí na cláir Fónaic na Gaeilge (BELB) agus Cód na Gaeilge (CCEA) agus ba í an stiúrthóir a bhí ar an chlár luathléitheoireachta Cleite (An tÁisaonad).
Tá suim ar leith ag Jacqueline i leabhair do pháistí agus i léitheoireacht na Gaeilge; sin ábhar a PhD. Is iomaí leabhar atá curtha in oiriúint go Gaeilge, nó scríofa i nGaeilge aici, mar chuid d’obair an Áisaonaid agus tá úrscéal do pháistí foilsithe aici leis an Ghúm. Tá a dara húrscéal le foilsiú ag Leabhar Breac.

Cláraigh anseo saor-in-aisce.